JAFL V Ballymartle – 14/3

Shamrocks 0-12, Ballymartle 0-10

Comhghairdeas leis an bhfoireann soisear A a bhuaigh a gcéad chluiche a d’imríodar i mbliana, an babhta seo sa sraith peile faoi shoilse in Áth an Mhaide oiche Déardaoin.

Bhí na foirne ar chomhtharrac ag leath am, 0-6 an taobh. Chuaigh na Seamróga cúilín amháin chun tosaigh héis 45 neomat agus chríochnaíodar láidir agus bhí an bua tuillte acu ag an deireadh le dhá chúilín.

D’imir Kieran May, Derry Howard agus an fear nua Cormac Collins thar barr ar an oiche.

Tús maith don bhliain.

Share

You may also like...